An cuimhin leat an grá Crá croí an ghrá Níl anois ach ceol na h-oíche Táim sioraí I ngrá Leannáin le smál Leannáin le smál Lig leis agus beidh leat Lig leis agus beidh grá
Cuimhne leat an t-am Nuair a bhí tú sásta An cuimhne leat an t-am Nuair a bhí tú ag gáire
Tá an saol iontach Má chreideann tú ann Tug aghaidi ar an saol is Sonas sioraí inár measc
Céard a tharla do na laethanta sin Céard a tharla do na h-oícheanta sin An cuimhin leat an t-am Nuair a bhí tú faol bhrón An cuimhin leat an t-am Go sioraí sileadh na ndeor An ormsa nó orainne a bhí an locht
Ag mothú caiite s'ar fán Cén fáth an t-achrann is sileadh na ndeor Tá áilleacht sa saol Má chuardaíonn tú e Tá gliondar sa saol Creideann sé